Our Classes

Our Classes

Fáilte go suíomh Rang a 5

Dia dhaoibh agus fáilte go dtí ár suíomh idirlíon. Ta súil againn sibh a choinneáil ar an eolas faoi ár gcuid imeachtaí ar fad i rith na bliana. Tá súil againn go mbainfidh sibh sult as. 

        

Céilí sa Chlós

An-lá mar is gnáth ag an gcéilí sa chlós. Bhí na gasúir ar fheabhas agus chuir siad taispeántas iontach ar siúl. 

 

 

 

 

 

Damhsa Gaelach le Laoise

Bíonn muid ag súil chuile bhliain tar éis na Nollag go dtosóidh na ranganna Damhsa Gaelach le Laoise. Tá stór iontach damhsa anois ag na gasúir agus iad ag freastal ar na ranganna seo ó bhí siad sna naíonáin. Feicfidh muid toradh na ranganna damhsa ag an gcéilí sa chlós a bheidh ar siúl thimpeall Lá Pádraic. 

 

 

 

 

 

 Peil Gaelach le Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach

Bhí sé seachtaine againn ag traenáil le traenálaithe Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach. Bhain an rang an-sult as na seisiún a bhí ar siúl san OLBC. 

 

Oíche Shamhna

Mar is gnáth, rinne na páistí sár iarracht i mbliana lena gcuid feistis Oíche Shamhna.

 

 

 

Nead

 

 Féach céard a fuair cuid de na buachaillí agus iad ar an mbealach suas go dtí Coláiste Muire Máthair. 

 

 

 An Ealaín