Stair na Scoile
Stair Scoil Fhursa
Sa bhliain 1862 bhunaigh an Irish Church Mission dílleachtlann “Sherwood Fields” ag Nile Lodge. Ba “Bird’s nest” í: b’í sin áit inar tugadh bia agus éadaí do pháistí bochta Caitliceacha. Chuaigh na páistí chun cónaí san áit agus d’athraigh siad a gcreideamh. Dúnadh an foirgneamh mar dhílleachtlann i 1906. I ndiaidh na tréimhse seo, bhí scoil shamhraidh ag Conradh na Gaeilge ann i 1929. I 1933 tugadh an scoil don Roinn Oideachais agus osclaíodh í mar Mhodhscoil lán-Ghaelach ar 24 Aibreán 1933, le 32 daltaí.
Naomh Fhursa
Rugadh Naomh Fhursa in Inse cuinn, oileán ar Loch Coirib. Ba nia é do Bhreandán a bhunaigh mainistir ar Inse Cuinn. Ba thaoiseach thábhachtach i gCúige Mumhan a Athair agus theith an chlann go hInse Cuinn de bharr trioblóide sa bhaile.
D’fhág sé Éire sa bhliain 639AD agus bhunaigh sé mainistir in Anglia Thoir. Chuaigh sé go dtí an Fhrainc ansin agus bhunaigh sé mainistir eile i Lagny in aice le Páras.
Bhí beirt dearthair aige Faoileán agus Ultan. Bhunaigh Naomh Ultan mainistir i bPeronne. Nuair a d’áirigh Naomh Fhursa an bás ag druidim leis thug sé aghaidh ar Éirinn. Ach fuair sé bás sa bhliain 650 i bPeronne ar a bhealach abhaile, agus cuireadh ann é. Duine an-léanta a bhí ann agus deirtear go raibh a fhios aige go raibh an domhan cruinn sula bhfuair Gailileo nó Copernicus amach é.
Théadh daoine ar oilithreacht chuig a scrín go mórmhór ó Éirinn. Tá a lá fhéile ar an 16ú lá d’Eanáir.
Is é patrún ár scoile é.