Our Classes

Our Classes

Rang 5 Múinteoir Sinead agus Catherine

 

Múinteoir Sinead Nic an Ríogh

Lasmuigh agus taobh istigh dár seomra ranga sa dara téarma

Bhí dara téarma gnóthach againn taobh istigh agus taobh amuigh dár seomra ranga. D'eagraigh ár rang feachtas éadaí do mhuintir na Tuirce agus na Siria. Mar gheall ar an flaithiúlacht chlanna agus cairde Scoil Fhursa rinneamar breis agus seasca bosca a phacáil agus a shórtáil lán éadaí agus soláthairtí do mhuintir na Tuirce agus na Siria. 

Chuireamar orainn ár gcótaí bána agus rinneamar turgnamh le solas. Rinneamar tástáil ar conas a thaistealaíonn solas agus fuaireamar amach go dtéann sé i líne dhíreach i gconaí. 

Roghnaíodh muid le bheith inár gceannaiarí dár dtionscnamh Gliondar Spraoi ar mhaith lenar mBrat Gníomhach.  Cabhraíonn ár gceachtanna Corpoideachais linn go mór le seo. 

Tar éis ár n-obair chrua ar fad sa dara téarma, tá muid ar bís don tríú téarma agus an téarma deiridh i rang a 5.....

 

Cúrsaí STEM

Thug Robert Staunton ó Jaguar Land Rover cuairt orainn agus ar rang a trí le déanaí chun seachtain na nInnealtóirí a cheiliúradh.  D'fhoghlaimíomar faoin tábhacht a bhaineann le hinnealtóirí, conas is féidir linn a bheith inár n-innealtóirí agus na cineálacha éagsúla innealtóirí atá ann.  Bhí an t-ádh dearg orainn go raibh muid in ann an Range Rover nua a fheiceáil, carr nach bhfuil fiú ar an margadh go fóill!!  Maidin an-speisialta. 

 

Ár gcultúr a cheiliúradh

Chuireamar fáilte roimh an Earrach trí chrosanna Naomh Bhríde agus rinneamar Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh le Céilí sa chlós.  Is breá linn ár gcultúr agus ár dteanga a cheiliúradh. 

 

Lá Domhanda na Leabhar

R5b L￿omhanda na leabhar

 

 

Ag ceiliúradh Lá Domhanda na Leabhar.

 

D'fhreastail muid ar ceardlann ar líne faoi 'Rita agus an Dragún' agus bhí paráid cultacha againn taobh amuigh le na ranganna eile. Rinne muid taispeáint agus insint lena chéile agus ag deireadh an lae rinn muid marcanna leabhar. Mór an spóirt an lá!

Cuairt ón RSA - Thug teagascóirí ón RSA cuairt orainn sa scoil chun cúrsaí sábháilteacht bóthair a phléigh linn. Bhí deis ansin againn á foghlaim sin a chuir i bhfeidhm.

Cuairt ￿A

 

 

 

STEM - Cé atá ábalta an slabhra páipéar is faide a chruthú le bileog amháin páipéar A4?

Rang 5B - STEM